Sharing the joy of children’s books

Bí ag Spraoi Liom!

0

Busy working mums and dads know how hard it can be to juggle the needs of home and work; a theme that’s explored in Sadhbh Devlin’s first picture book, Bí ag Spraoi Liom!

Bí ag Spraoi Liom!Tuigeann Sadhbh Devlin, mar mháthair ar chúpla iníon spleodracha fuinniúla, agus mar duine féinfhostaithe an streachailt a bhíonn idir cúraimí an lae agus am chun spraoi le do leanaí. Tá an tuiscint sin fite fuaite san scéal álainn seo, agus freisin tuiscint domhain do dhearcadh an pháiste ar an gceist. Tá freisin an-thuiscint ann do chumhacht na samhlaíochta. Leabhar atá anseo le léamh le do leanbh; agus cuireann léaráidí Tarsila Krüse go mór leis an scéal; ag leathnú amach abairtí simplí go samhlaíoch. Bláthaíonn samhlaíocht Luna (an pháiste) sna pictiúr seo, agus í ar iarraidh dul i ngleic leis an easpa ama ag a máthair di.

Cuireann albam pictiúr í ar chonair smaointe chun buaileadh le Mamaí agus í óg – agus aimsíonn Mamaí an spás atá de dhíth chun díriú ar a hiníon.

Tá frídín amhrais ionam áfach – beidh sé deacair ag tuismitheoirí an scéal seo a léamh gan mothú beagán ciontach, mar is cinnte gur beag duine againn a éiríonn leo droim láimhe a thabhairt do chúraimí an lae agus díriú go hiomlán ar ár bpáistí.

Léiríonn an leabhar gur fiú é dhéanamh, agus seans go dtabharfaidh sé misneach do pháistí agus do thuismitheoirí – is cinnte go bhfuil lón samhlaíochta ann!

As a parent of lively twins (to whom the book is dedicated) Sadhbh Devlin understands the feeling of being torn between the days work and finding time for one’s children. That understanding informs this beautiful story of an imaginative child trying to get a busy mothers attention. The simple sentences are given additional depth by Tarsila Krüse’s beautiful illustrations. But I can’t help having a nagging doubt that parents will be uneasy reading this book with their children – few of us manage to spend as much time as we would like with our children. This books shows it is worth it, and may act as a clarion call!

buy the book from The Book Depository, free delivery

Share.

About the author

Aonghus Ó hAlmhain

Aonghus Ó hAlmhain is a software engineer and father of three based in Co. Wicklow. He is enthusiastic about Irish language literature and regularly blogs about books for both children and adults.

Leave A Reply