Sharing the joy of children’s books

0

Aonghus Ó hAlmhain checks out this stylish graphic novel retelling of the story of Cú Chulainn. 

CuTá leagan iontach de scéal Cú Chulainn curtha ar fáil ag Paul Bolger agus Barry Devlin san úrscéal grafach seo atá aistrithe go Gaeilge ag Leabhar Breac. An céad chuid de thriológ atá san leabhar seo, a phléann le óige Séadanata agus a shaoil go dtí go cuirtear go hAlban é le gaiscíocht a fhoghlaim ón mbanlaoch Scáthach.

Tá a gcasadh féin bainte ag na húdar as an seanscéal agus ról níos suntasaí tugtha don Mór Ríon; agus tochmharc Éimear athraithe agus gnéithe de Oidhe Cloinne Uisnigh curtha ann – éad ar Conchubhar leis an gCú, a mheall gean Éimir.

Níl feidhm bainte ach as dubh, bán agus dearg sna líníochtaí ach tá siad iontach. Tá go leor gluaiseacht le feiceáil iontu, agus na carachtair ag claochlú. Tá bagairt diamhair ag baint le hárchú Chulainn. Tá an Mór Ríon ann ina bean óg álainn is ina bhadhbh. Tá na líníochtaí beo ar an leathanach agus cainteanna cliste éifeachtacha ag dul leo. Tá an peannaireacht breá soléite freisin.

Measaim go bhfuil an leabhair seo oiriúnach do dhéagóirí óga, do aosánaigh agus go deimhin do dhuine ar bith ar spéis leo athinsint freacnairceach ar scéal ársa.

Beidh súil in airde agam don dara imleabhar; cloisim go mbeidh fáil ar roimh Nollaig.

Cú – Cosantóir is the first of a trilogy is retelling the story of Cú Chulainn. It is beautifully and vividly illustrated. Although only black, white and red are used the drawings are alive on the page and full of action and detail. The story is a new twist on an ancient myth. Suitable for teenagers, young adults and indeed anyone who is interested in a new take on an ancient myth.
  • Authors/Illustrator: Paul Bolger and Barry Devlin
  • ISBN:9781911363026
  • PublisherLeabhar Breac
  • Age range: 12+ years
Share.

About the author

Aonghus Ó hAlmhain

Aonghus Ó hAlmhain is a software engineer and father of three based in Co. Wicklow. He is enthusiastic about Irish language literature and regularly blogs about books for both children and adults.

Leave A Reply