Sharing the joy of children’s books

LabhairAmach.com

0

Unfortunately bullying is all too prevalent in our society, particularly in our schools. In LabhairAmach.com, secondary school teacher Aine Uí Fhoghlú explores this issue from a student’s point of view. 

LabhairAmach.comÚrscéal gairid faoi téama tráthúil atá curtha romhainn ag Áine Uí Fhoghlú anseo. Scéal faoi thromaíocht agus cíbear bhulaíocht ach go háirithe. Ciara, cailín i rang an teastas shóisirigh atá i lár an scéal. Tá cailín eile ag bailiú slua timpeall uirthi féin, agus ag úsáid Ciara mar sprioc bulaíochta.

Insítear an scéal ó dhearcadh go leor de na daoine óga agus tugann sé léargas leathan ar na fadhbanna agus dúshlán atá ag daoine óga. Seachnaítear insint dubh agus bán, agus tuigimid na cúiseanna atá ag daoine dá n-iompar ach ní déantar leithscéal do dhrochíde.

Tá scéal dúlra neadaithe ann freisin, áit a fhaigheann Ciara faoiseamh sealadach, ach cailleann sí é sin féin.

Tá teannas san insint a dhruideann i dtreo tubaiste, ach bíonn deireadh dóchasach ann agus bláthú i ndán do Chiara. Bláthú a chabhraíonn léi aithint nach bhfuil sí féin saor ó locht – ach déanann sí leorghníomh.

Tá go leor eolas ann faoi thromaíocht ar na meáin sóisialta agus guthán chomh maith leis san saol fisiciúil, agus na bearnaí tuisceana is féidir bheith ann idir daltaí agus múinteoirí.

Tá an leabhar dírithe ar an aoisghrúpa 13 – 15 agus measaim go n-éiríonn leis.

Shamhlóinn freisin go mbeadh sé úsáideach chun plé agus cíoradh ar na ceisteanna ann a spreagadh ar scoil nó i ngrúpaí óige.

This short novel by Aine Uí Fhoghlú tells the story of Ciara who suffers bullying and cyberbullying. The story is told from the points of view of all the young people involved and shows the complexity of the issues. The story builds tension up to a near catastrophe but has a happy resolution, where all the protagonists including Ciara learn about themselves and mature.

The book is aimed at young teenagers and is likely to be useful to aid discussion around the issues raised.

  • Author: Aine Uí Fhoghlú
  • ISBN:9781784441722
  • PublisherCló Iar-Chonnacht
  • Age range: 13-15 years
Share.

About the author

Aonghus Ó hAlmhain

Aonghus Ó hAlmhain is a software engineer and father of three based in Co. Wicklow. He is enthusiastic about Irish language literature and regularly blogs about books for both children and adults.

Leave A Reply