Sharing the joy of children’s books

Trixie agus Tony: An Madra Mistéireach

0

As it’s approaching Seachtain na Gaeilge here in Ireland (March 1st to 17th), this week we’ve decided it’s high time we celebrated our native language and have decided to publish our very first review as Gaeilge! It might take a bit of getting used to if you’re not a Gaeilgeoir but let us know how you get on in the comments section. 

Trixie agus Tony: An Madra MistéireachSeo é an dara leabhar sa tsraith bheoga ó Patricia Mac Eoin agus Richard Watson, foilsithe ag Futa Fata. Sa chéad leabhar, Sin Cat Dána, chasamar le Trixie, an madra cliste agus Tony, an tréidlia scaipthe don chéad uair. Seo iad ar ais i leabhar úrnua! Sa scéal seo tagann an bheirt ar mhadra mistéireach atá gortaithe agus iad amuigh ag siúl.

Tugann siad an madra gortaithe ar ais go clinic Tony. Faigheann Trixie amach gur madra an-speisialta é seo agus go bhfuil sé i mbaol ó bheirt bhithiúnach atá ar a thóir. Go tobann tá Trixie agus Tony fite fuaite in eachtra corraitheach, bríomhar.

Tá an téacs briste suas i sé chaibidil ghearra. Tá an cló soiléir slachtmhar agus pictiúir iontacha ar chuile leathanach. Is leabhar an-tarraingteach agus lándaite é le léaráidí álainn agus geala déanta ag Richard Watson a chuireann go mór leis an dtéacs. Is léir gur oibrigh an scríbhneoir agus an maisitheoir go dlúth le chéile chun leabhar d’ardchaighdeán a chruthú.

Cé go bhfuil saibhreas na teanga le brath tríd an leabhar, tá an plota simplí go leor agus le cabhair ó na pictiúir bheadh páistí Gaelscoileanna Rang 3 agus 4 breá ábalta an leabhar a léámh iad féin. Bheadh an leabhar seo mar áis iontach do mhúinteoirí bunscoile sna seomraí ranga agus sna leabharlainn scoile. Comh maith leis sin d’fhéadfadh tuismitheoirí an-taitneamh agus tairbhe a bhaint as bheith ag léamh an scéal seo os ard do pháistí níos óige.

Trixie agus Tony: An Madra Mistéireach internal images

Is scéal an-spraoíúl é seo. Insítear é trí shúile Trixie, laoch an scéil. Madra atá i bhfad níos cliste agus níos crógaí ná a húinéir! Cuireann an caidreamh eatarthu go mór le greann an scéil. Táim cinnte go gcloisfimid níos mó faoi Trixie agus Tony agus a chuid eachtraí amach anseo! Táim ag súil go mór leis!

  • Author: Patricia Mac Eoin
  • Illustrator: Richard Watson
  • ISBN: 9781906907969
  • Publisher: Futa Futa
  • Age range: 8-12 years
Share.

About the author

Anne Murray

Anne Murray is a primary school teacher with aspirations to be many other things when she grows up! She has always loved reading and is mammy to a one-year-old picture book fan. Some of her favourite books for children include 'Peter Pan', 'Ssh! We have a Plan' and 'Sam and Dave Dig a Hole'.

Leave A Reply